Leabhar nua sa tsraith pictiúrleabhar 'Lúsaí' le Máire Ní Ghallchobhair, agus í maisithe ag Peter Donnelly. Cailín beag í Lúsaí atá lán le spraoi agus le greann. Ceapann na daoine fásta go bhfuil sí beagáinín ró-aerach. Ach is deacair Lúsaí a smachtú!
Tá Jeaic ag foghlaim faoi na sean-Ghaeil ar scoil. Ba bhreá leis a bheith beo thiar san am sin. Déanann sé meaisín ama le taisteal siar in am agus casadh leis an seanlaochra Gaelacha. Tá súil againn go n-oibreoidh an meaisín i gceart!
Pictiúrleabhar álainn lándaite sa tsraith 'Arrachtaí' dírithe ar léitheoirí óga. Scéal spraiúil grinn a léiríonn an taobh ‘greannmhar’ den taibhsiúlacht. Líonfaidh na leabhair seo beárna mhór i réimse léitheoireachta (agus i bhfoclóir) an ghasúir — agus léifear í le fonn agus le scleondar. Tá ocras ar an vaimpír, Ladaslás. Ach tá a chuid fiacla maol, agus níl sé in ann plaic a bhaint as duine ar bith. Níl saol éasca ag an vaimpír!!!